Scríobh an Caiptín Seoirse Ó Máille as Cliara an dán seo ar eachtra a thárla roimh bás Seoirse IV i lár 1831. Bhí a bhád féin aige An Zephyr sé sin An Gaoth Aniar agus é ag déanamh trádáil idir an Spáinn agus áiteanna iargúlta i gCuan Mó. Níor thaiteann dream an Revenue leis. Scríobh sé An Mháirnéalacht i gcuimhne ar lá ar chuir feall daoine agus fearg na ndúl fiach air ó áit go háit. Fhuair sé bás i dteach na mbocht i gCathair na Mart thart ar 1850. An leasainm a úsáideann an té a sheol isteach go dtí An Claidheamh Soluis é ná An Sagart Beirneach. Níl a fhios agam cé hé nó cad is brí don fhocal Beirneach. B’fhéidir scoláire ón Mhór-roinn.
An Mháirnéalacht.
An chéad lá de mhí an fhómhair sea chrochamar na seolta,
Ag tarraingt ar na cóstaí is go Tóin an Mhionnáin siar,
Agus thart anseo le Cliara agus Acaill Bheag taobh thiar di,
Go hInis Airc ár dtriall, bheadh aoireacht orainn ann;
Agus síos le Rinn an Mhaoile agus thart le Cruach na Caoile,
An Cloigeann lena thaobh sin is Trá Bhríde ina dhiaidh,
Nó gur dhoirteamar le fána, thrí fharraigí is í ag cáitheadh,
Go ndeachaigh muid don Ráithe, mar gur ann a bhí ár dtriall.
Is ag síneadh dhúinn le Árainn sea mhéadaigh ar an ngála,
Is bhí cúrsaí istigh in am againn is ní mba tráth faillí é;
Nó gur ardaigh sé chun feochain is as sin chun gaoithe móire,
Gur chrochamar na seolta, is níor mhór dhúinn é in am;
Is bhí criú na loinge ar aon chaoi is iad ag dearcadh ar chlár m’éadain,
Ag súil le cabhair a dhéanamh agus gan aon mhaith dhóibh ann,
Is gur dhúirt mé leo ar aon chaoi go ndéanfainn dhóibh a bhféadfainn,
Ag iompar a cuid éadaigh fhad is ab fhéidir léi snámh.
Agus tá mo lámha stróicthe go síoraí ag tarraingt rópaí,
Is tá an craiceann is an fheoil is í tarraingthe amach ón gcnáimh,
Ach más é an bás a gheall Mac Dé dhúinn, cén mhaith a bheith dhá shéanadh
Ach ag gabháil go flaithis Dé dhúinn ar aon stáid amháin;
Is nach í mo shoitheach bocht atá brúite ó easnachaí go glúine,
Tá a cuid boltaí lúbtha agus ar ndóigh ní gan fáth;
Ach is mise Seoirse Ó Máille, fear maith de bhunadh Ghráinne,
Is go bhfolmhóinn mo lucht go sásta is ná raibh maith acu ná maoin.